← An Baol a Bhaineann le Cogaíocht 🔊
← Chun é a rá go neamhbhalbh mar phointe tosaithe is iad fonn cumhachta agus saint an dá haintréith a chruthaíonn naimhdeas, scliúchas agus cogaíocht. 🔊
← Éiríonn le cuid againn iad a cheilt nó iad a chur faoi chois níos fearr ná mar a éiríonn le cuid eile againn. 🔊
← Bhagair sé an lámh láidir ar a chomharsa, nó b'in é mar a b'fhacthas dó sin é, agus rinne sé beart de réir a bhriathair nuair a d'ionsaigh sé an Ucráin gan bhuíochas d'éinne. 🔊
← Cén dochar dó má chailleann sé cúig mhíle saighdiúr anseo agus trí mhíle ansiúd a fhad is a chailleann an taobh eile níos mó ná sin? 🔊
← Tá sé ar nós cluiche aige nuair is cuma cén scór a fhaigheann an fhoireann eile a fhad is a bhíonn an scór aige siúd níos airde ná iad. 🔊
← Is cuma leis cad a thiteann amach mar thoradh ar an ionsaí a rinne sé - infreastruchtúir agus árais na ndaoine a bheith scriosta, daoine ag imeacht leo mar theifigh, teaghlaigh bhriste agus dilleachtaí gan dóchas. 🔊
← Dá dtarlódh seo, mhairfeadh a cháil go deo ina dhiaidh agus bheadh tionchar nó cumhacht aige a mhairfeadh na blianta fada tar éis dó féin a bheith curtha i gcré na cille. 🔊
← Más mar sin a thiteann sé amach beimid ag stánadh idir an dá shúil ar an tríú cogadh domhanda. 🔊
← An difríocht is mó a bheadh idir cogadh domhanda nua- aimseartha seo agus an dá cheann a chuaigh roimhe ná an cumhacht núicléach atá anois ann i gcomparáid leis an gcumhacht a bhí ann in aimsir an dara cogadh domhanda. 🔊